Treoracha Ceistiúcháin: Déan d'eolas a thástáil trí na ceisteanna seo a dhéanamh.Gach uair a dhéanann tú an ceistiúchán seo beidh 15 ceist difriúil le déanamh agat. Tá trí iarracht agat le gach ceist.Nuair a bheidh críochnaithe agat leis an gceistiúchán seo, is féidir leat dul ar ais go dtí an clár trí bhrú ar an gcnaipe An Clár.
Substaint nach féidir a scoilteadh ina shubstaintí níos simplí trí mhodh ceimiceach
Dúil
Móilín
Núicléas
Meascán
Cad is ainm don eolaí Rúiseach cáiliúil a shocraigh na dúile sa Tábla Peiriadach?
Dimitri Mendeleev
Vladimir Putin
Anna Kournikova
Leonid Tolstoy
Cad is brí le ghrúpa sa Tábla Peiriadach?
Sraith ingearach dúile
Sraith cothrománach dúile
An clann miotail sa Tábla Peiriadach
An clann neamh-mhiotail sa Tábla Peiriadach
Cé mhéad grúpaí atá sa Tábla Peiriadach?
Ocht ngrúpa
Dhá ghrúpa
Ceithre ghrúpa
Ocht ngrúpa dhéag
Cén acu cheann díobh seo a leanas gurb í an tsiombail cheart í ar charbón?
C
Cl
Na
Ca
Cén t-ainm a thugtar ar na dúile atá curtha chun suntais sa Tábla Peiriadach?
Neamh-mhiotal
Miotail
Halaiginí
Dúile leachtacha
Cé acu de na dúile seo a leanas atá sa ghrúpa céanna?
Héiliam, neon agus argón
Litiam, cailciam agus sulfar
Litiam, bórón agus fluairín
Hidrigin, fluairín agus clóirín
Cén t-ainm a thugtar ar na sraitheanna a théann trasna an Tábla Pheiriadaigh?
Peiriad
Grúpaí
Miotail Alcaile
Miotail Alcaile
Miotail Thrasdultacha
Cé acu ceann amháin de na dúile seo a leanas gurb é miotal é?
Sóidiam
Carbón
Fosfar
Neon
Cé acu ceann amháin de na dúile seo a leanas gurb é neamh-mhiotal é?
S
Na
Al
Be
Cé acu ceann amháin de na miotail seo a leanas gurb é leacht é ag teocht an tseomra?
Mearcair
Alúmanam
Sóidiam
Cailciam
Cé acu ceann amháin de na miotail seo a leanas a bhíonn ar snámh in uisce?
Sóidiam
Maignéisiam
Copar
Mearcair
Cé acu ceann amháin de na péirí airíonna seo a leanas gurb iad airíonna de na miotail alcaile iad?
Is seoltóirí teasa agus leictreachais mhaithe iad.
Ní imoibríonn siad le huisce agus bíonn dlús íseal acu.
Bíonn siad ar snámh in uisce agus ní imoibríonn siad le haer.
Is miotail crua iad agus ní imoibríonn siad le huisce.
Ainmnigh grúpa na ndúl a bhfuil na h-airíonna seo a leanas aige:
Seoltóirí leictreachais mhaithe Lonrach Imoibríonn siad le huisce Stóráltar iad faoi ola
Miotail Alcaile
Halaiginí
Triathgháis
Na Miotail Chré-Alcaileacha
Níl na dúile i grúpa I le fáil saor sa nádúr
mar bhíonn siad an-imoibríoch.
mar is miotail chré neamhchoitianta iad.
mar bhíonn siad go léir de déanta ag daoine.
mar níl siad an-imoibríoch.
Bíonn na h airíonna céanna ceimicigh ag na dúile i ngrúpa 1
mar bhíonn leictreon amháin acu ina sceall seachtrach.
mar is miotail iad go léir.
mar bhíonn cuma mar an gcéanna acu.
mar imoibríonn siad go léir le huisce.
Cé acu ceann de na imoibríochtaí seo a leanas a tharlaíonn nuair a chuirtear potaisiam le uisce?
Téann an potaisiam trí thine agus scaoiltear gás hidrigine.
Ní tharlaíonn aon rud mar ní imoibríonn potaisiam le huisce.
Titeann an potaisiam go dtí bun an shoithigh le torann ard.
Imoibríonn an potaisiam go mall leis an uisce chun oscaigin a dhéanamh.
Pioc amach, ón liosta seo a leanas, an dúil a bhfuil airíonna aici atá cosúil leis na hairíonna atá ag potaisiam:
Sóidiam
Cailciam
Héiliam
Hidrigin
Cé acu ceann amháin de na Miotail Alcaile seo a leanas gurb é an ceann is imoibríochtaí?
Rubaidiam
Sóidiam
Potaisiam
Litiam
Cén dath bladhma a dhéantar nuair a dhótar potaisiam nó salann potaisiam i mbladhm Bunsen?
Liathchorcra
Buí
Glas
Dearg
Cad is dúil ann?
Substaint nach féidir a scoilteadh ina shubstaintí níos simplí trí mhodh ceimiceach.
An cáithnín is lú gur féidir maireachtáil ann féin.
Cáithnín le lucht diúltach ag dul timpeall an núicléis.
Substaint a dhéantar nuair a nasctar dhá dhúil nó níos mó le chéile go ceimiceach.
Cad é an phríomhthionchar ar airíonna ceimicigh na ndúl?
Líon na leictreon mórthimpeall an núicléis.
An méid neodrón sa núicléas.
Toirt an núicléas.
An méid prótón sa núicléas.
Liostaítear na dúile go léir atá le fáil ar an Tábla Peiriadach in ord de réir
a n-uimhreacha adamhacha.
maisuimhreacha.
toirt.
dlús.
Sa Tábla Peiriadach na Dúile, cén t-eolas a thugann an uimhir atá le fáil os cionn gach siombal ceimiceach?
An Uimhir adamhach na dúile
An Mhaisuimhir na dúile
Uimhir a grúpa
A peiriad
Ainmnigh na dúile Na agus Fe
Sóidiam agus Iarann
Nítrigin agus Iarann
Sóidiam agus Fluairín
Neon and Fosfar
De na dúile atá le feiceáil sa Tábla Peiriadach seo, pioc amach an ceann is imoibríochtaí?
K
Li
Ne
P
Cad é an t-ainm atá ar na dúile i ngrúpa I sa Tábla Peiriadach?
Na Miotail Alcaile
Na Halaiginí
Na Miotail Chré-Alcaileacha
Na Neamh-Mhiotail
Pioc amach an grúpa sa Tábla Peiriadach ina bhfuil an dúil argón le fáil?
Grúpa 0
Grúpa II (2)
Grúpa VII (7)
Grúpa I
Cé acu de na dúile seo a leanas gur Miotail Chré-Alcaileacha iad?
Maignéisiam agus Beirilliam
Sóidiam agus Potaisiam
Sóidiam agus Cailciam
Copar agus Ór
Cé acu ceann amháin díobh seo a leanas gur airí é de na neamh-mhiotail?
Is seoltóirí leictreachas laga iad.
Bíonn siad lonrach.
Is seoltóir teasa mhaithe iad.
Ní bhíonn siad níos dlúithe ná huisce.
Ón liosta seo a leanas, pioc amach an neamh-mhiotal (nó na neamh-mhiotail):
copar, clóirín, sinc, sóidiam, carbón
Clóirín agus carbón
Copar, sinc agus sóidiam
Clóirín
Clóirín, sóidiam agus carbón
Cén acu cheann amháin díobh seo a leanas gur úsáid d'óir coitianta é?
Seodra
Baictéir a mharú
Cannaí deochanna boga
Tóirsí a thathú
Cén acu ceann de na dúile seo a leanas a úsáidtear i sliseanna ríomhaire?
Sileacan
Clóirín
Airgead
Neon
Cén t-ainm a thugtar ar an ngrúpa VII (7) de na dúile sa Tábla Peiriadach?
na halaiginí
na miotail alcaile
na miotail thrasdultacha
na triathgháis
Cad a tharlaíonn do na dúile i ngrúpa VII (7) faoi mar nuair a théann siad síos an grúpa?
Laghadaíonn siad in ord imoibríochtí.
Níl tharlaíonn aon athrú ina n-imoibríochtaí faoi mar a théann siad síos an grúpa.
Éiríonn siad níos mó tuaslagtha in uisce faoi mar a théann siad síos an grúpa.
Méadaíonn siad in ord imoibríochtaí.
Cén fáth a bhfuil na dúile fluairín, clóirín agus iadín sa ghrúpa céanna sa Tábla Peiriadach?
Bíonn líon na leictreon céanna acu ina sceall seachtrach.
Is miotail iad go léir.
Imoibríonn siad go léir le hoscaigin.
Bíonn an dlús céanna acu.v
Cén halaigin a úsáidtear i dtuarthóir tí?
Clóirín
Fluairín
Bróimín
Iadín
Ainmnigh an dúil a dhéanann gás buí agus atá le fáil i dtaos fiacla.
Fluairín
Clóirín
Bróimín
Iadín
Cén fáth a bhfuil na dúile i ghrúpa 0 sa Tábla Peiriadach neamh-imoibríochtaí?
Bíonn sceall seachtrach leictreon lán acu.
Bíonn núicléas daingean acu araon.
Bíonn uimhir leictreon cothrom acu ina sceall seachtrach.
Is gáis iad go léir.
Cén acu cheann amháin de na gáis seo a leanas a úsáidtear i soilse fhógraíochta?
Neon
Héiliam
Argón
Ocsaigin
Cé acu ceann díobh seo a leanas gur dúil í?
Alúmanam
Cruach
Prás
Uisce
Braitheann an t-ord ina shocraítear na ndúile i bpiaraid sa Tábla Peiriadacha
ar a n-uimhreacha adamhacha ag méadú.
ar a ndlúis.
ar a maisuimhreacha ag méadú.
ar a n-uimhreacha neodrón ag méadú.
Cén t-ainm a thugtar ar na dúile atá curtha chun suataia sa Tábla Peiriadach thíos?
Na Miotail Chré-Alcaileacha
Na Miotail Alcaile
Na Miotail
Na Halaiginí
Cad a léiríonn an litir Z sa siombal seo?
Uimhir Adamhach na dúile.
Líon na neodraí i núicléas an adaimh.
Mhaisuimhir an dúile.
A dlús.
Cad iad na siombail a bhíonn ar chlóirín agus ar héiliam?
Cl agus He faoi seach.
C agus He faoi seach.
Cl agus H faoi seach.
Ca agus Hg faoi seach.
Pioc amach na gáis ón liosta seo a leanas gur féidir leo maireachtáil mar adaimh neamhspléach:
hidrigin, héiliam, nítrigin, ocsaigin, neon.
Héiliam agus neon
Héiliam agus nítrigin
Hidrigin agus héiliam
Ocsaigin agus nítrigin
Ainmnigh grúpa na ndúl a bhfuil na hairíonna seo a leanas acu: (i) Bíonn siad ar snámh ar uisce. (ii) Imoibríonn siad le hocsaigin. (iii) Dóann siad i mbladhm Bunsen le dath sainiúil.
Na miotail alcaile
Na miotail chré-alcaileacha
Na halaiginí
Na triathgháis
Is miotal é potaisiam a shnámhann ar uisce.
Cén fáth nach n-úsáidtear é i ndéantas long?
Bíonn sé an-imoibríocht le huisce.
Is miotal bog é.
Bíonn sé an-daor.
Is miotal an-neamhghnách é.
Conas mar a bhíonn na dúile i ngrúpa II (2) mar an gcéanna?
Bíonn airíonna cheimiceach mar an gcéanna acu.
Bíonn an uimhir adamhach céanna acu.
Ní bhíonn siad cosúil lena chéile in aon chor.
Bíonn an mhaisuimhir chéanna acu.
Cé acu ceann amháin de na dúile thíos a bhfuil na hairíonna seo a leanas aici?
Dath airgid Seoltóir leictreachas maith Miotal le dlús íseal
Maignéisiam
Carbón
Fluairín
Ocsaigin
Cén dúil i ngrúpa III (3) gur neamh-mhiotal é?
Bórón
Alúmanam
Gailliam
Scaindiam
Baintear úsáid as ceann amháin de na dúile seo a leanas i sreangú leictreachais.
Cé acu ceann?
Copar
Clóirín
Neon
Sóidiam
Pioc amach an neamh-mhiotal, ón liosta seo thíos, gur féidir maireachtáil mar leacht ag teocht an tseomra:
Bróimín
Nítrigin
Mearcair
Argón
Cé acu ceann amháin de na ráiteas seo a leanas faoi na dúile i ngrúpa VII (7) atá fíor?
(i) Is Hailiginí iad. (ii) Bíonn an leáphointe chéanna acu. (iii) Bíonn airíonna ceimeacha céanna acu.
Ráitis (i) agus (iii)
Ráitis (i) agus (ii)
Ráitis (ii) agus (iii)
Ráiteas (i) amháin
Cé acu díobh seo a leanas a chuirtear le huisce inólta in ionad cóireála?
Fluairín agus clóirín
Clóirín agus bróimín
Ocsaigin agus maignéisiam
Cailciam agus fluairín
Cé acu grúpa díobh seo a leanas gur halaiginí iad go léir?
Clóirín, bróimín agus fluairín
Beirilliam, carbón agus ocsaigin
Fluairín, carbón agus bróimín
Neon, héiliam agus argón
Cé acu ceann amháin de na halaiginí seo a leanas atá le fáil i stáid sholadach ag teocht an tseomra?
Iaidín
Clóirín
Bróimín
Fluairín
Cé acu ceann amháin de na grúpaí na ndúl seo a leanas nach n-imoibríonn de ghnáth?
Na triathgháis
Na halaiginí
Na miotail alcaile
Na miotail thrasdultacha
Cé acu ceann amháin de na ráiteas seo a leanas atá fíor faoi na triathgháis i ngrúpa 0? (i) Is dúile an-imoibríochtaí iad. (ii) Bíonn scealla seachtracha lán acu. (iii) Bíonn airíonna ceimiceacha céanna acu.
Ráitis (ii) agus (iii)
Ráitis (i) agus (ii)
Ráiteas (i) amháin
Ráiteas (ii) amháin
Cén fáth a chuirtear argón seachas aer i mbolgáin solais?
Ós rud é go bhfuil argón támh, ní imoibríonn sé leis an bhfiliméad.
Toisc go bhfuil argón ann beidh an bolgán ag lonrach níos gile.