Treoracha Ceistiúcháin: Déan d'eolas a thástáil trí na ceisteanna seo a dhéanamh.Gach uair a dhéanann tú an ceistiúchán seo beidh 15 ceist difriúil le déanamh agat. Tá trí iarracht agat le gach ceist.Nuair a bheidh críochnaithe agat leis an gceistiúchán seo, is féidir leat dul ar ais go dtí an clár trí bhrú ar an gcnaipe An Clár.
Is foirm eile de theas é
fuinneamh
mais
damhna
teocht
Cén t-athrú fuinnimh a tharlaíonn nuair a chuimlíonn tú do lámha le chéile?
Fuinneamh cinéiteach go dtí fuinneamh teasa.
Fuinneamh solais go dtí fuinneamh teasa.
Fuinneamh cinéiteach go dtí fuinneamh solais.
Fuinneamh teasa go dtí fuinneamh cinéiteach.
Cad é an t-aonad teasa?
giúl (J)
niútan (N)
vata (W)
cileagram (kg)
Bíonn leacht dearg i dteirmiméadair áirithe.
Cad a tharlaíonn don leacht seo nuair a chuirtear an teirmiméadar in uisce te?
Leathnaíonn an leacht.
Caolaíonn an leacht.
Athraíonn dath an leachta.
Galaíonn an leacht.
Nuair a chuirtear teirmiméadar gloine in uisce te, ardaíonn an leacht sa teirmiméadar.
Cén fáth a tharlaíonn sé seo?
Faigheann na cáithníní leachta fuinneamh agus bogann siad níos faide óna chéile.
Éiríonn na cáithníní níos mó.
Brúnn an leacht suas nuair a éiríonn lárlíne inmheánach an gloine níos lú.
Leánn an leacht sa teirmiméadar agus ardaíonn sé suas an feadán gloine.
Bíonn dhá mhiotal difriúla ceangailte le chéile i stiall dhémhiotalach.
Nuair a chuirtear i lasair bunsen é, feictear go lúbann an stiall mar
leathnaíonn an dá mhiotal ag rátaí difriúla.
leathnaíonn an dá mhiotal ag an ráta céanna.
leathnaíonn ceann amháin de na miotal amháin.
leánn an lasair bunsen ceann amháin de na miotail.
Úsáidtear an gléasra liathróid agus fáinne chun staidéar a dhéanamh ar éifeacht an teasa ar mhiotail.
Is é lasair Bunsen foinse an teasa.
Cén ceann de na ráitis seo a leanas atá mícheart?
Nuair a théitear an liathróid, is féidir léi gluaiseadh tríd an fháinne.
Má théitear an fáinne amháin, gluaiseann an liathróid tríd an fháinne téite.
Nuair a théitear agus ansin nuair a ligtear é fuarú, gluaisfidh sé tríd an fháinne.
Má chuirtear an liathróid agus an fáinne in uisce oighear fuar, is féidir an liathróid a chur tríd an fháinne.
Úsáidtear an gaireas seo chun staidéar a dhéanamh ar éifeacht an teasa ar leachtanna.
Tar éis teas a chur leis an bhfleascán cá mbeidh an leacht ar an bhfeadán gloine?
A
C
D
E
Úsáidtear an gaireas seo chun staidéar a dhéanamh ar éifeacht an teasa ar leachtanna.
Tar éis an fleascán a chur in uisce an-fhuar cá mbeidh an leacht ar an bhfeadán gloine?
E
A
D
C
Roghnaigh na focail chearta chun na bearnaí san abairt seo thíos a líonadh:
_____________ leachtanna nuair a théitear iad agus caolaíonn siad nuair a _____________ iad.
leathnaíonn, fhuaraíte
galaíonn, théitear
galaíonn, bhruitheann
leánn, fhuaraítear
Úsáidtear an gaireas seo chun staidéar a dhéanamh ar éifeacht an teasa ar leachtanna.
Cén t-aimn a thugtar ar na codanna lipéadaithe X, Y and Z sa léaráid?
X = stopallán, Y = feadán gloine, Z = tríchosach.
X = stopallán, Y = triaileadán, Z = dóire bunsen.
X = feadán gloine, Y = tríchosach, Z = stopallán.
X = teirmiméadar, Y = feadán gloine, Z = tríchosach.
Sa turgnamh a thaispeáintear sa léaráid seo, feictear bolgáin ag dul tríd an bhfeadán gloine.
Cad a léiríonn an turgnamh seo?
Leathnaíonn gáis nuair a théitear iad.
Leathnaíonn leachtanna nuair a théitear iad.
Caolaíonn gáis nuair a théatar iad.
Sútar an t-uisce isteach sa bhfleascán.
Cén ceann de na ráitis seo a leanas atá ceart?
Leathnaíonn uisce nuair a fhuaraítear é faoin a reophointe.
Caolaíonn gach leacht nuair a fhuaraítear é.
Ní athraíonn toirt an leachta nuair a fhuaraítear é.
Nuair a leánn oighear, ardaíonn a thoirt.
Sa gheimhreadh, nuair a théann an teocht faoi 0 ºC, uaireanta pléascann píopaí uisce. Tarlaíonn sé seo mar
faoi 0 ºC, athraíonn an t-uisce go hoighear agus leathnaíonn an t-oighear agus pléascann an píopa.
leathnaíonn an píopa agus pléascann sé nuair a théann an teocht faoi 0 ºC.
caolaíonn an píopa níos tapúla ná an t-uisce ann.
nuair a théann an t-uisce thar 0 ºC arís, leathnaíonn an t-uisce agus pléascann na píopaí.
Sa gheimhreadh, nuair a théann an teocht faoi 0 ºC, siocann lochanna uaireanta.
Cén fáth a tharlaíonn sé seo?
Déantar oighear ar an dromchla ar dtús.
Siocann an loch ón mbun suas.
Athraíonn an t-uisce go léir sa loch go hoighear ag an am céanna.
Siocann an loch ón lár ar dtús, agus ansin ins na taobhanna.
Cén ceann díobh seo a leanas nach modh é d’aistriú teasa?
Insliú
Seoladh
Comhiompar
Radaíocht
Nuair a dhéantar teagmháil le raiditheoir te, aistrítear teas go dtí do chorp trí
sheoladh
chomhiompar
radaíocht
insliú
Cén t-ainm a thugtar ar an bpróiséas ina aistríonn teas ó cháithnín amháin go dtí cáithnín eile?
Seoladh
Comhiompar
Raidíocht
Insliú
Cén t-ainm a thugtar ar an bpróiséas ina aistríonn teas trí ghluaiseacht na gcáithníní?
Comhiompar
Seoladh
Raidíocht
Insliú
Is bealach aistriú teasa é radaíocht
nuair nach mbíonn meán ag teastáil.
ina ghluaiseann an teas ó cháithnín go cáithnín.
ina ghluaiseann an teas trí ghluaiseacht na gcáithníní.
ina athraíonn solad go leacht.
Úsáidtear an gaireas seo sa shaotharlann chun a thaispeáint
go ngluaiseann teas trí shubstaintí éagsúla ag rátaí éagsúla.
gur inslitheoirí teasa an-mhaith iad na miotail.
go leathnaíonn miotail nuair a théitear iad.
go ngluaiseann teas trí mhiotail trí chomhiompar.
Cén t-ainm a thugtar ar shubstaint nach ligeann do theas gluaiseacht tríthi?
Inslitheoir
Seoltóir
Comhiompróir
Radaitheoir
Roghnaigh seoltóir teasa an-mhaith ó na substaintí seo a leanas:
Copar
Plaisteach
Páipéar
Gloine
Roghnaigh inslitheoir an-mhaith ón liosta seo a leanas:
Plaisteach
Copar
Stán
Iarann
Cén t-ainm a thugtar ar an aistriú teasa trí leacht nó gás trí ghluaiseacht na gcáithníní?
Comhiompar
Seoladh
Radaíocht
Insliú
Úsáidtear an gaireas seo chun
comhiompar a thaispeáint.
seoladh a thaispeáint.
radaíocht a thaispeáint.
insliú a thaispeáint.
Is féidir teas a thraschur i dtrí shlí. I gceann amháin de na modhanna seo ní bhíonn gá le méan.
Cé acu ceann?
Radaíocht
Seoladh
Insliú
Fíor nó bréagach.
Radaíonn dromchla dorcha teas níos fearr ná dromchla geal.
Fíor
Bréagach
Cad iad na focail atá in easnamh san abairt seo a leanas?
Is cinéal ________ é an teas a thomaistear ina ________.
fuinnimh agus ghiúil
cumhachta agus ghiúil
fuinnimh agus chéimeanna Celsius
cumhachta agus chéimeanna Celsius
Cad iad reophointe agus fiuchphointe an uisce faoi seach?
0°C agus 100°C
0°C agus 80°C
10°C agus 100°C
100°C agus 0°C
Cad a thugtar ar an teocht ag a n-athraíonn oighear ina uisce?
Leáphointe
Fiuchphointe
Reophointe
Pointe fuaraithe
Cad a thugtar ar an teocht ag a n-athraíonn leacht ina ghás?
Fiuchphointe
Leáphointe
Reophointe
Pointe fuaraithe
Nuair a bhíonn dreapadóirí ag cócaireacht uibheacha ag airde an-ard tógann sé níos faide na huibheacha a chur ag fiuchadh.
Cén fáth a tharlaíonn sé sin?
Bíonn fiuichphointe an uisce níos ísle ag airde an-ard.
Bíonn leaphointe an uisce níos ísle ag airde an-ard.
Bíonn sé níos fuaire ag airde an-ard.
Ní thaistealaíonn uibheacha go maith.
Ullmhaíonn brúbhruthaire bia níos tapúla ná mar a dhéanann an gnáth-bhrúthaire.
Cén fáth a tharlaíonn sé sin?
Fiúchann uisce ag teocht níos airde ag brúnna níos airde.
Fiúchann uisce ag teocht níos lú ag brúnna níos airde.
Oibríonn an brúbhruthaire cosúil le hoigheann micreathonnach.
Briseann an bia síos níos tapúla ag brú níos airde.
Téitear substaint agus scríobhtar síos a teas gach nóiméad. Tarraingítear graf cosúil leis an gceann taispeánta. Cad atá ag tarlú idir B agus C?
Tá an solad ag aistriú ina leacht.
Is solad í an tsubstaint agus tá a teocht ag méadú.
Is leacht í an tsubstaint agus tá a teocht ag méadú.
Is solad í an tsubstaint agus tá a teocht ag laghdú.
Téitear solad go dtí go n-athraíonn staid ina leacht agus ligtear é fuarú. Taispeánann an léaráid an cuar fuaraithe don tsubstaint seo. Cad é fiuchphointe na substainte seo?
60°C
84°C
20°C
8.5°C
Téitear substaint solaid go dtí go n-athraíonn a staid ina leacht agus ligtear í fuarú. Taispeánann an léaráid an cuar fuaraithe don tsubstaint seo.
Cén áit sa chuar ina bhfuil an tsubstaint ag reo?
BC
AB
CD
DE
Tarlaíonn aistriú teasa i slite dhifriúla.
Taistealaíonn teas ón ghrian go dtí an domhan trí
radaíocht
sheoladh
chomhiompar
insliú
Nuair a aistríonn substaint a staid cosúil le leacht ag aistriú ina ghás cén t-ainm a thugtar ar an aistriú teasa a tharlaíonn?
Teas folaigh
Comhiompar
Forbairt
Fiuchadh
Cén t-ainm a thugtar ar an tomhas teasa a bhíonn ag substaint?
Teocht
Leáphointe
Fiuchphointe
Reophointe
Taispeánann an graf an cuar fuaraithe a bhíonn ag substaint. Cé acu ceann amháin de na ráitis seo a leanas atá ceart?
Is é 60ºC leáphointe na substainte seo.
Is é 20ºC leáphointe na substainte seo.
Is é 30ºC teocht an tseomra.
Is é 80ºC fiuchphointe na substainte seo.
Téitear píosa de choinneal chéarnach go dtí go leánn sé. Ansin cuirtear teirmiméadar sa chéir leáite agus scríobhtar síos a teocht faoi mar a bhí sí ag fuarú. Déantar graf de na sonraí seo.
Cé acu ceann amháin de na ráitis seo a leanas atá fíor?
Is é 55ºC leáphointe na céire.
Is leacht é fós an chéir idir C agus D.
Is leacht é fós roinnt den chéir idir B agus C.
Is é 85ºC leáphointe na céire.
Nuair a chuirtear teirmiméadar in eascra uisce te, ardaíonn an leacht sa theirmiméadar.
Cén fáth a tharlaíonn sé sin?
Faigheann na cáithníní leachta fuinneamh agus gluaiseann siad amach óna chéile.
Tá na cáithníní leachta ag éirí níos mó.
Tá lárlíne inmhéanach an teirmiméadair ag éirí níos lú agus dá bhrí sin ardaíonn an leacht.
Leánn an leacht sa theirmiméadar agus ardaíonn sé suas an feadán.
Cén t-ainm a thugtar ar an teas a thógtar isteach nó a ligtear amach ag substaint, nuair a bhíonn sí ag aistriú staide?
Teas folaigh
Sártheas
Fuíolltheas
Teas mall
Athraíonn gal go huisce i seomra folctha go minic ar thíleanna.
Cén t-ainm a thugtar ar an athrú staide seo?
Comhdhlúthú
Galú
Reo
Sáithiú
Ar maidin geimhridh an-fhuar aistríonn uisce ar an talamh go hoighear.
Cén t-ainm a thugtar ar an athrú staide seo?
Reo
Comhdhlúthú
Galú
Sáithliú
Is féidir na hábhair go léir thíos a úsáid i dtógáil tí.
Cé acu ceann amháin díobh seo a leanas gurb é an inslitheoir is fearr é?
Polaistiréin forbartha
Alúmanam
Gloinne
Adhmad
Úsáidtear folúsfhlaigíní chun deochanna a choiméad te. Bíonn dromchla airgid ar an taobh istigh den bhfeascán.
Bíonn an dromchla airgid seo
mar fhrithchaitheoir teasa maith.
mar sheoltóir teasa lag.
mar sheoltóir teasa teasa.
go maith ag sú teasa.
Leánn oighear ag 0ºC.
Cad a tharlaíonn do na cáithníní oighear faoi mar a leánn sé?
Faigheannn siad a dhóthain fuinnimh chun bogaidh timpeall.
Cailleann siad fuinneamh agus éalaíonn siad isteach san aer.
Faigheann siad a dhóthain fuinnimh chun aistriú ina adaimh hidrigine agus ocsaigine.
Cailleann siad fuinneamh agus mar thoradh de sin ní bhíonn siad ábalta bogadh.
Bíonn cos plaisteach ag an gcuid is mó de na friochtáin.
Cén fáth?
Mar is seoltóir teasa lag é an plaisteach.
Mar is seoltóir teasa maith é an plaisteach.
Bíonn plaisteach go maith ag sú teasa.
Bíonn plaisteach go maith ag spré teasa.
Nuair a chomhdhlúthaíonn substaint, athraíonn sí a staid
ó ghás go leacht.
ó leacht go solad
ó leacht go gás.
ó sholad go gás.
Nuair a bhíonn uisce ag fiuchadh, athraíonn sé a staid
ó leacht go gás.
ó leacht go solad.
ó ghás go leacht.
ó sholad go leacht.
Úsáidtear fótagrafaíocht fhodhearg i gceamara le radharc oíche.
Cé acu ceann amháin de na ráitis seo a leanas faoi radaíocht fhodhearg atá ceart?
Faoi mar a éiríonn rud te, scaoiltear níos mó radaíochta fhodhearga.
Ní raidíonn rudaí te radaíocht fhodhearg.
Ligeann rudaí fuara níos mó radaíochta fhodhearga amach ná mar a ligeann rudaí teo.
Ní féidir radaíocht fhodhearg a bhrath le teirmiméadar.
Cé acu ceann amháin de na rudaí seo a leanas a fhrithchaitheann an chuid is mó teasa?
Cé acu ceann amháin de na rudaí seo a leanas a shúnn an chuid is mó teasa?
Ba mhaith le Seán an radaitheoir ina chistin a phéinteáil ionas go gcuirfeadh sé amach an chuid is mó teasa.
Cén dhá cháilíocht ba cheart go mbeadh sa phéint a úsáideann sé?
Cuirtear grianphainéil ar dhíonta na dtithe ionas an teas ón ngrian a ghabháil. Is é dath dubh an dath is fearr a chur ar ghrianphainéal. Cén fáth?
Is iad na dromchlaí dhubha na hionsúirí radaíocht teasa is fearr.
Bíonn péint dhubh saor chun í a cheannach.
Bíonn grianphainéil dhubha níos áille ar dhíonta.
Is iad na dromchlaí dhubha na hastaírí radaíocht teasa is fearr.
Is seoltóirí mhaithe teasa iad na miotail de ghnáth. Cé acu ceann amháin de na ráitis seo a leanas nach bhfuil fíor?
Taistealaíonn teas go héasca trí inslitheoirí.
Le linn seolaidh, téann fuinneamh trí cháithníní a bhíonn ag crith.
Bíonn na cáithníní i seoltóirí mhaithe an-dlúth lena chéile.
Is seoltóirí teasa laga iad na plaistigh de ghnáth.
Cé acu ceann amháin de na ráitis seo a leanas nach bhfuil ceart?
Bíonn na cáithníní i seoltóir i bhfad óna chéile.
Aistríonn teas go héasca trí sheoltóirí.
Bíonn aistriú teasa an-mhall i inslitheoirí.
I seoltóirí mhaithe, bíonn na cáithníní an-dlúth lena chéile.
Tarlaíonn comhiompar teasa i leachtanna agus i ngáis. Cé acu ceann amháin de na ráitis seo a leanas faoi chomhiompar atá fíor?
Ardaíonn leachtanna teo os cionn leachtanna fuara.
I sorcóir uisce te, cuirtear eilimintí théimhe ag bun an umair.
Tarlaíonn comhiompar in uisce, ach ní tharlaíonn sé in aer.
Taistealaíonn na cáithníni i leacht níos moille nuair a chuirtear teas leo.
Taispeánann an léaráid téiteoir tumthach d’umair uisce te. Pioc amach an bealach ceart a thógann an t-uisce te faoi mar a bhíonn sé á théamh ag an gcorna.
D
B
C
A
Conas a théann radaitheoirí leictreacha seomra?
Comhiompar
Seoladh
Radaíocht
Insliú
Faoi mar a éiríonn gal fuar, cailleann a cháithníní fuinneamh. Aistríonn an gal go huisce.
Cén t-ainm a thugtar ar an bpróiséas sin?
Comhdhlúthu
Galú
Insliú
Radaíocht
Pioc amach an ráiteas atá fíor ó na ráitis seo leanas:
Galaíonn eascra uisce te níos tapúla ná eascra uisce fuar atá cosúil leis.
Is iad na caithníní leachta, a mbíonn an chuid is mó fuinnimh acu is lú is dóichí a ghalaíonn ón leacht.
Cúiseoidh galú leachta ó dhromchla, mar shampla, ag cur allais, is cúis leis méadú teochta.
Tarlóidh galú níos tapúla má bhíonn an dromchla beag.
Coimeádann folúsfhlaigín leachtanna te nó fuar.
Cén chuid den fholúsfhlaigín a stopann teas ó éalú trí sheoladh agus trí chomhiompar?
Folús
Ballaí lonracha
Claibín phlaisteach
Aer
In ollmhargaidh, ní bhíonn aon chlaibíní ag reoiteoirí áirithe. Cén fáth nach n-éiríonn an bia te?
Bíonn an t-aer fuar níos tibhe ná aer te agus titeann sé go tóin.
Seoltar an teas amach as an reoiteoir tríd a mballaí.
Ní bhíonn a dhóthain fuinnimh ag an aer fuar agus mar sin ní bhíonn a chaithníní ábalta bogadh.
Chuirfeadh an chlaibín faoi deara teas a chomhiompar níos fearr ón reoiteoir.
Bíonn uachtar reoite i “Baked Alaska” a bhíonn clúdaithe le meireang bán ina mbíonn bolgáin aeir. Cuirtear é ag bácáil in oigheann ar feadh deich nóiméad.
Cén fáth nach leánn an t-uachtar reoite?
Is seoltóir teasa lag é an meireang.
Ní fhágtar san oigheann é fada a dhóthain.
Níl an meireang bán go maith ag sú radaíocht teasa.
Is seoltóir teasa lag é uachtar reoite.
Is féidir teas a aistriú ó áiteanna teo go háiteanna fuara, trí úsáid a bhaint as trí de na modhanna thíos.
Pioc amach an príomhmhodh d’aistriú teasa a tharlaíonn nuair a bhíonn uisce ag fiuchadh i gceiteal.
Comhiompar
Seoladh
Radaíocht
Insliú
Is féidir teas a aistriú ó áiteanna teo go háiteanna fuara, trí úsáid a bhaint as trí de na modhanna thíos.
Pioc amach an módh aistriú teasa a tharlaíonn nuair a bhíonn an talamh á théamh ag an ngrian.
Radaíocht
Seoladh
Comhiompar
Tarlaíonn aistriú teasa i slite éagsúla.
Taistealaíonn teas trí sholaid trí
sheoladh
chomhiompar
radaíocht
insliú
Tarlaíonn aistriú teasa i slite éagsúla.
Taistealaíonn teas trí leachtanna agus trí gháis trí
chomhiompar
sheoladh
radaíocht
insliú
Ainmnigh an gaireas atá sa léaráid seo.
Teirmiméadar
Opasaiméadar
Cailpéar
Méadarshlat
Taispéanann an léaráid dhá channa mhiotail a bhfuil an toirt chéanna acu. Tá an méid chéanna uisce iontu ag 100ºC. Tá canna fillte i bhflocas cadáis agus níl aon fhilltéan ar channa B.
Tar éis cúig nóiméad déag cé acu canna, A nó B, a bheidh an teocht is airde aige?
A, mar is inslitheoir maith é flocas.
A, mar is frithchaitheoir teasa maith é flocas cadáis.
B, mar is seoltóir maith é an canna mhiotail.
B, mar is súire teasa maith é an canna mhiotail.
Taispéanann an pictiúr flascán tóinchruinn líonta le haer a bhíonn á théamh go séimh le triomadóir gruaige.
Cén éifeacht a bhíonn ag an téamh seo ar thoirt an aeir sa bhfleascán?
Méadaíonn toirt an aeir.
Laghdaíonn toirt an aeir.
Ní bhíonn aon athrú i dtoirt an aeir.
Taispéanann an léaráid gaireas gur féidir a úsáid chun scrúdú a dhéanamh ar éifeacht teasa ar mhiotail. Téann an liathróid tríd an bhfainne nuair a bhíonn sé fuar. Nuair a théitear an liathróid ní théann sí tríd an bhfainne.
Cé acu ceann amháin de na ráitis seo a leanas nach bhfuil fíor?
Éiríonn mais an mhiotail nuair a théitear é agus éiríonn sí níos lú nuair a fhuaraítear é.
Forbraíonn an liathróid nuair a théitear í.
Nuair a fhuaraítear an liathróid éiríonn sí beag a dhóthain chun dul tríd an bhfáinne.
Forbraíonn miotail nuair a théitear iad.
Is cuar fuartha é an graf. Úsáidtear an tsubstaint naftailéin sa turgnamh seo. Bíonn leáphointe 80ºC ag naftailéin. Bíonn ráta caillúint teasa cothrom tríd an turgnamh.
Cad a tharlaíonn do naftailéin idir A agus B ar an ngraf?
Laghdaíonn a theocht.
Aistríonn sé ó sholad go leacht.
Méadaíonn a theocht.
Aistríonn sé ó leacht go solad.
Téithear substaint gur solad é ag teocht an tseomra os cionn a leáphointe agus ansin ligtear di fuarú ag ráta cothrom. Tógtar an teocht go rialta. Tá na sonraí sa ghraf. Cén fáth nach bhfuil aon laghdú teochta idir B agus C?
Tá an tsubstaint ag aistriú ó leacht go solad ag an teocht seo.
Tá an tsubstaint ag aistriú ó sholad go leacht ag an teocht seo.
Corraítear an tsubstaint.
Níl na cáithníní sa shubstaint ag bogadh.
Ón liosta thíos pioc amach difríocht idir theas agus theocht.
Tomhaistear teocht ina ºC agus tomhaistear teas ina ghiúil.
Tomhaiseann teocht fuinneamh an choirp agus tomhaistear teas i ºC.
Tomhaistear teas ina niútain fad is cineál fuinnimh í teocht
Úsáidtear an gaireas sa léaráid chun scrúdú a dhéanamh ar fhorbair agus ar chrapadh gáis. Cad a thugtar faoi deara nuair a théitear an fleascán?
Téann bolgáin aeir ón bhfeadán gloine isteach san uisce.
Tosaíonn an t-uisce sa bháisín ag fiuchadh.
Téann leibhéal an uisce suas an feadán gloine.
Ardaíonn leibhéal an uisce sa bháisín.
Úsáidtear an gaireas sa léaráid seo chun scrúdú a dhéanamh ar fhorbair agus ar chrapadh gáis. Nuair a théitear an fleascán forbraíonn an t-aer istigh. Nuair a ligtear don fhleascán fuarú, éiríonn an t-uisce suas sa bhfeadán gloine.
Cén fáth a tharlaíonn sé sin?
Crapann an t-aer taobh istigh den fhleascán.
Méadaíonn toirt an aeir sa bhfleascán.
Forbraíonn leachtanna nuair a fhuaraítear iad.
Forbraíonn an t-uisce agus ardaíonn sé suas an feadán gloine.
Taispeánann an grianghraf balún aeir te.
Cén fáth a ardaíonn an balún nuair a théitear an t-aer istigh?
Níl an t-aer te níos tibhe ná an t-aer fuar.
Bíonn an t-aer te taobh istigh den bhalún tarraingthe leis an ngrian.
Níl an t-aer taobh amuigh níos tibhe ná an t-aer te sa bhalún agus ligeann sé don bhalún dul suas.
Séideann an ghaoth an balún suas.
Socraítear copar, gloine, agus slatanna iarann faoi mar atá sa léaráid seo.
Ceanglaítear liathróid mhiotail trí chéir a úsáid ag deireadh gach slat. Doirtear uisce te isteach san eascra. Titeann an liathróid ón slat chopair ar dtús.
Cén fáth a thiteann an copar idtosach?
Is é copar an seoltóir teasa is fearr.
Is seoltóir teasa níos fearr é iarann.
Is seoltóir teasa maith é uisce.
Is seoltóirí mhaithe iad na substaintí go léir.
Is féidir fiuchphointe uisce a fháil amach ag baint úsáide as an ngaireas sa léaráid seo.
Cén éifeacht a bhíonn ag ardú brú ar fhiuchphointe an uisce?
Méadaíonn fiuchphointe an uisce.
Ní bhíonn aon éifeacht aige ar fhiuchphointe an uisce.
Laghdaíonn fiuchphointe an uisce.
Is féidir fiuchphointe uisce a fháil amach ag baint úsáide as an ngaireas sa léaráid seo.
Cén éifeacht a bhíonn ag laghdú brú ar fhiuchphointe an uisce?
Laghdaíonn fiuchphointe an uisce.
Ní bhíonn aon éifeacht aige ar fhiuchphointe an uisce.
Méadaíonn fiuchphointe an uisce.
Taispéanann an grianghraf grianpháinéil ar dhíon. Téann an ghrian an t-uisce agus é ag dul tríd an phainéil.
Conas a thaistealaíonn teas ón ngrian, tríd an bhfolús spáis, go dtí an domhan?
Trí radaíocht
Trí sheoladh
Trí chomhiompar
Trí insliú
Taispéanann an grianghraf grianpháinéil ar dhíon. Téann an ghrian an t-uisce agus é ag dul tríd an phainéil.
Pioc amach dhá bhuntáiste díobh seo a leanas a bhaineann le grianphainéil i dteach.
Níl sé dáinséarach don imshaol.
Bíonn sé eacnamaíoch.
Bíonn sé saor iad a chur isteach sa teach.
Gineann sé leictreachais saor an t-am go léir.
Taispéanann an grianghraf grianpháinéil ar dhíon. Téann an ghrian an t-uisce agus é ag dul tríd an phainéil.
Pioc amach míbhuntáiste amháin díobh seo a leanas a bhaineann le grianphainéil i dteach.
Bíonn sé daor iad a chur isteach sa theach.
Bíonn siad an-daor agus iad ar siúl sa theach.
Bíonn siad díobhálach don imshaol.
Ní oibríonn siad ach sa samhradh.
Cad a thaispeánann an turgnamh sa léaráid seo dúinn faoi aistriú fuinneamh teasa in uisce?
Is seoltóir fuinneamh teasa lag é an t-uisce.
Is radaíocht fuinneamh teasa maith é an t-uisce.
Teastealaíonn teas trí chomhiompar trí leachtanna.
Téann ciúib oighear go tóin in uisce te.
Is féidir fuinneamh teasa a chailliúint ó theach i dtrí shlí:
Seoladh, chomhiompar agus radaíocht. Ba mhaith le teaghlach an fuinneamh teasa a bhíonn á chailliúint óna dteach a laghdú. Pioc amach trí cinn díobh seo a leanas a chuirfidh cosc le cailliúint teasa trí sheoladh.