
De ghnáth bíonn trí shreang i gcábla leictreach.
Bíonn gach sreang déanta de chopar mar is seoltóir leictreach maith é.
Bíonn plaisteach timpeall gach sreang mar is inslitheoir maith é plaisteach.
Bíonn dath ar leith ar gach sreang:
• Gorm: Neodrach
• Donn: Beo
• Glas agus Buí: Talmhú
Bíonn an cás déanta de phlaisteach righin mar is inslitheoir maith é.
Bíonn na trí phionna déanta de phrás mar is seoltóir maith é.
Bíonn fiús ar an sreang beo a bhriseann nuair a shreabhann an iomarca srutha.